Thug Halpern (2013) faoi deara i SAM ‘ … gur luachmhar an smaoineamh Oideachas na Luath-Óige agus an scolaíocht a chomhcheangal i gcomhthéacs leasú oideachasúil (lch 1). Tá an treocht seo le feiceáil in Éirinn freisin. Dhírigh Aistear: Creat-Churaclam na Luath-óige (2009) níos mó airde ar an ngné oideachasúil den soláthar do pháistí ó bhreith go 6 bliana. Chruthaigh sé droichead freisin idir an iliomad suíomhanna luath-óige, a bhí i ndiaidh fás le deich mbliana roimhe sin, agus na ranganna naíonán ar an mbunscoil. Le déanaí, thosaigh an an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a athfhorbairt churaclam na bunscoile. Tá an obair sin dírithe i dtús báire ar theanga, matamaitic agus Eitic agus Oideachas faoi Reiligiúin agus Creidimh do pháistí sna naíonáin shóisearacha go dtí Rang 2 (4-8/9 mbliana d’aois). Is mór an spreagadh a thugann na forbairtí seo don chaibidil ar an mbrí atá le hoideachas luath-óige agus ar an gcuma a bhíonn air do pháistí agus do mhúinteoirí, agus ar na himpleachtaí a bhíonn aige sin maidir le forbairt agus cleachtas an churaclaim. I gcomhpháirtíocht leis an CNCM, tá an Comhar um Thaighde ar Oideachas Luath-Óige (CTOLÓ) ag Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide ag óstáil siompóisiam dar teideal ‘Comhpháirtíocht san Oideachas Luath-óige: Machnamh ar Chomhthéacs, Curaclam agus Oideolaíocht’. |